Salut
Voici les paroles de cette version, j'ai mis entre crochets un couplet habituellement chanté par ce groupe mais qu'ils ne chantent pas dans cette vidéo
Níl aon phort dár chuala mé ar phíopa
Tháinig mé i méadaíocht an linbh
Nach raibh liom ar bharr mo mhéar
Isteach i sliabh ‘s ag gabháil ‘na’ bhaile
Refrain
Níl sé ‘na lá, níl go fóill
Níl sé ‘na oíche ná baol ar mhaidin
Níl sé ‘na lá ‘s ní bheidh go fóill
Ná anois ar ball a d’éirigh an ghealach
Seo na gloiní, seo na mugaí
Seo an áit a bhfuil an leann ann
‘S mura bhfuil airgead in do phócaí
Buail an bóthar is gabh ‘na’ bhaile
Chuir mé féin mo lámh in mo phóca
‘S d’iarr mé briseadh coróin mharbh
‘S é d’úirt sí liomsa suí síos go fóill
Is gheobhaidh tú an cárta agus an galún
Éirigh i do shuí, a fhir an toí
Cuir ort do bhríste agus do hata
Go gcoinneochaidh tú ceol leis an fhear chóir
A bheas ag ól anseo go maidin
Ná héirigh i do shuí a fhir an toí
Ná cuir ort do bhríste ná do hata
Ná diabhal deoir a théid in do scóig
Ná ní bheidh mise ag ól anseo go maidin
Tá na caoirigh ins na míntí
‘S tá na huain ag ól an bhainne
Tá mo bhean féin ar fud na tíre
Is nach mithid domh éirí is ghabháil ‘na’ bhaile
[Nach mór an croí a fuair Éamonn Creepy
Síneadh síos le Siubhán Bhacaí
D’éirigh Cathal as an ghríosaí
Is bhí sé ar iarraidh as sin go maidin]
Chuir mé féin mo mhaol chun aonaigh
D’imigh an t-aonach agus an t-eallach
Tiocfaidh cailleach - cailleachaí an toí
Caillfear an dís is a gcuid leanbh
Ar chuala sibhse maith na Maolann
Ná mar a chríochnaíonn sí a cuid bainne
Ochtar dragún gasúr cíocrach
Bunadh an toí is péire cailleach
Dá gcasfaí orm cailín i dtom
Chuirfinn a cloigeann síos le malaí
Chuirfinn taca lena droim
Agus bheinn ag súgradh léi go maidin
__________________
>Question indiscrette , pourquoi as-tu appris le gaeilge ?
heu... parce que c'est beau et parce que je m'intéresse aux cultures et aux langues celtiques
>pourrais-tu m'indiquer un bon site pour la prononciation du gaeilge standard ?
il n'y a pas de prononciation standard pour l'irlandais. Y a eu des tentatives pour en créer une mais personne ne l'utilise. Les gens utilisent la prononciation d'un dialecte, ou en mélangent plusieurs quand ils n'ont pas eu la possibilité de s'enraciner dans un dialecte en particulier.
Le groupe Skara Brae est de Rann na Feirste, dans le comté de Donegal, au nord-ouest.